Rang 7 Eiméid Ó Raifeartaigh
News
Maith iad na himreoirí a ghlac páirt i gcomórtas peile Ghaelcholáiste Dhoire inniu ag an Abhainn Bheag. Bhí ár ndaltaí ó Ghaelscoil an tSeanchaí measctha le daltaí ó na Gaelscoileanna ar fad eile don lá agus bhain siad go léir an-sult as na cluichí a bhí eagraithe agus stiúrtha ag na daltaí cumasacha ó GCD. Míle buíochas le foireann agus daltaí GCD as an lá iontach a eagrú. Bhí scoth na Gaeilge le cloisteáil agus ard-chaighdeán peile agus na páistí amuigh i mbun imeartha. Bhí na buaiteoirí s’againn thar a bheith sásta lena mboinn. An Ghaeilge abú!
Weel done to the players who took part in the Gaelcholáiste Dhoire football competition today at An Abhainn Bheag (Owenbeg). Our pupils from Gaelscoil an tSeanchaí were mixed with pupils from all the other Gaelscoileanna for the day and they all thoroughly enjoyed the games which were organised and directed by the talented pupils from GCD. Many thanks to the staff and students of GCD for organising a wonderful day. There was a great level of Irish language and football skills with the children out playing. Our winners were very happy with their medals. An Ghaeilge abú!
Comhghairdeas ó chroí leis na daltaí a bhí bronnta leis na teastais Dalta na Seachtaine, Gaeilgeoir na Seachtaine agus moladh an phríomhoide. Is éiseamláiriú iontach sibh den chothú, chultúr agus chaighdeáin atá ag bláthú sa scoil. Leanaigí ar aghaidh a chairde. Comhghairdeas fosta le Crann Darach a bhuaigh comórtas na dTithe do mhí na Bealtaine, bainigí sult as an duais!!
Congratulations to the pupils who were awarded the certificates of Pupil of the Week, Gaeilgeoir na Seachtaine and Moladh an Phríomhoide. You are a great example of the nurture, culture and standards that are flourishing in Gaelscoil an tSeanchaí. Keep ‘er lit a chairde. Congratulations also to Crann Darach who won the House competition for May, enjoy the prize!!
Comhghairdeas ó chroí lenár ndaltaí ar fad a bhí páirteach agus a raibh an-rath orthu ag Feis Charn Tóchair. Bhí idir filíocht, comhrá, scrúdú fainne agus ceol ar bun ag na páistí a rinne ionadaíocht iontach ar Ghaelscoil an tSeanchaí. Maith sibh a chairde agus leanaigí ar aghaidh ag cleachtadh agus ag forbairt. Is ocáid iontach í Feis Charn Tóchair a bhfuil an-stair ag baint leis maidir le hathbheochan na Gaeilge go háitiúil agus is tógadh croí é ár teaghlaigh ónár bpobal scoile naisc a chruthadh le pobal labhartha na Gaeilge sa mhór-cheantar.
Congratulations to all our pupils who took part and had great success at Feis Charn Tóchair. The children represented Gaelscoil an tSeanchaí in poetry recital, conversation, scrúdú Fáinne. Well done a chairde, and keep practicing and developing. Feis Charn Tóchair is a wonderful event with a great history in terms of the revival of the Irish language locally and it is a heartwarming see families from our school community creating links with the Irish-speaking community in the wider area.
Bhain foireann Ghaelscoil an tSeanchaí an-sult as na cluichí mar chuid de Bhliotz Naomh Fionbarra áit ar imir siad go breá leis an chluiche ceannais a bhaint amach, nuair a bhí siad buailte le pointe amháin le cúl ag teacht go mall sa chluiche. Maith iad na himreoirí agus leanaigí oraibh ag cleachtadh le camán i bhur lámh!
The Gaelscoil an tSeanchaí team enjoyed the games as part of the Blitz Naomh Fionnbarra where they played well to reach the final. They were beaten by one point with a goal coming late in the game. Well done to the players and keep practicing with a hurl in your hand!
Latest Photographs
Gaelscoil an tSeanchai, Meeting St, Magherafelt, Derry BT45 6BW | Telephone: 028 7930 0532

